Nuashonrú OSPS

Trasearnála

11 Márta, 2022

Nuashonrú OSPS

Táthar tar éis ábhair threorach agus acmhainní breise a chur leis na foinsí ar líne le tacú le múinteoirí OSPS chun dul i ngleic leis an gcuraclam ar bhealach muiníneach iomlánaíoch. Rud amháin a cuireadh leis na tacair ar na mallaibh agus a bheadh ábhartha do gach múinteoir ná láithreoireacht ghairid físe ina bhfuil comhairle i dtaca le seomraí ranga níos ionchuimsithí a chruthú do scoláirí LADTAI+: Eispéiris scoláirí LADTAI+ ar an OCG: Treoir do Mhúinteoirí OSPS.

Tá an obair chun an curaclam OSPS/OCG d’iar-bhunscoileanna a athfhorbairt agus a nuashonrú idir lámha freisin agus an bhéim i dtosach ar an tsraith shóisearach. Táthar tar éis Tuarascáil Chomhairliúcháin maidir leis an gCáipéis Eolais agus Treoir le haghaidh athbhreithniú ar OSPS na Sraithe Sóisearaí a fhoilsiú agus beidh sí ar fáil anseo go luath. Is féidir obair ghrúpa forbartha OSPS na hiar-bhunscolaíochta a leanúint anseo.

Beidh an gearrchúrsa athfhorbartha OSPS ar fáil do chomhairliúchán poiblí i mí Mheán Fómhair. Deis thábhachtach a bheidh anseo do gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a roinnt agus aiseolas ar an tsonraíocht nuashonraithe le haghaidh OSPS na Sraithe Sóisearaí a chur ar fáil. Coinneoimid ar an eolas thú i dtaca le forbairtí úra le nuachtlitreacha eile amach anseo.