Tuarascálacha comhairliúcháin ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile

Reáchtáladh comhairliúchán ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile idir Márta agus Meitheamh 2022. Táthar tar éis dhá thuarascáil chomhairliúcháin a fhoilsiú anois lenar scaipeadh an méid a bhí le rá ag páistí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile faoi mhatamaitic na bunscoile.

01 Márta, 2023

Tuarascálacha comhairliúcháin ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile

I rith an chomhairliúcháin ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile ó Mhárta go Meitheamh 2022, chuala CNCM ó réimse leathan múinteoirí, ceannairí scoile, páistí, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile.

Sa chéad tuarascáil chomhairliúcháin, tá torthaí a d’eascair as sonraí a tiomsaíodh trí na ceistneoirí ar líne d’oideoirí agus do thuismitheoirí, aighneachtaí scríofa agus an Líonra Scoileanna. Ghlac 14 scoil páirt sa Líonra Scoileanna san iomlán. Bhí siad ionadaíoch ar réimse de chomhthéacsanna agus áiteanna scoileanna, lena n-áirítear: scoil DEIS, scoil tuaithe DEIS, Scoil Ghaeltachta, Gaelscoil, scoil speisialta, scoil a bhfuil ranganna speisialta inti, scoil bheag tuaithe agus scoil mhór uirbeach. Thriail 56 múinteoir ó na scoileanna sin an dréachtchuraclam ina seomraí ranga. Cuirtear torthaí i láthair faoi phríomhthéamaí, lena n-áirítear sonrú agus struchtúr curaclaim, peirspictíochtaí na múinteoirí ar phríomhathruithe, agus an curaclam a achtú. Is féidir an chéad thuarascáil a léamh anseo.

Sa dara tuarascáil chomhairliúcháin, tá torthaí a bailíodh ó pháistí thar roinnt scoileanna. Rinne foireann taighde as Coláiste Mhuire Gan Smál an píosa taighde seo a riar agus ba dheis thábhachtach é do na páistí a gcuid tuairimí maidir lena dtaithí ar fhoghlaim na matamaitice a chomhroinnt, agus a gcuid mianta do churaclam nua. Cuirtear na torthaí i láthair faoi sheacht bpríomhthéama a scrúdaíonn eispéiris na bpáistí ar mhatamaitic sa seomra ranga matamaitice. Is féidir an dara tuarascáil a léamh anseo.

Chuaigh torthaí an chomhairliúcháin i bhfeidhm go láidir ar Churaclam Matamaitice na Bunscoile, agus mhúnlaigh na torthaí é. Foilseofar níos déanaí i mbliana é, faoi réir chead an Aire. Más spéis leat tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin don mhatamaitic bhunscoile agus coinnigh súil ar ár gcainéil meáin shóisialta chun nuashonruithe a fháil.​