Curaclam Matamaitice

Tá faisnéis ar fáil sa roinn seo maidir le forbairt an churaclaim Mhatamaitice.

Curaclam Matamaitice na Bunscoile nua foilsithe

Sna sála ar sheoladh Chreatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta i mbliana, tá Curaclam Matamaitice na Bunscoile foilsithe anois. Tá leagtha amach sa churaclam fís úr d’fhoghlaim mhatamaiticiúil páistí a bhfuil de shaintréithe inti spraíúlacht, cruthaitheacht, dúshlán, dul sa seans, comhoibriú agus deiseanna le haghaidh réasúnaíochta agus chun fadhbanna fíorshaoil a réiteach.

Bhain taighde, comhairliúchán, plé agus dlúth-chomhoibriú le scoileanna le forbairt an churaclaim.

Chun tacú le múinteoirí an curaclam nua a úsáid, tá raon tacaíochtaí san Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile, lena n-áirítear coincheapa matamaiticiúla, contanaim dul chun cinn, ábhair thacaíochta agus samplaí d’fhoghlaim páistí. Tá an tsonraíocht churaclaim úr, mar aon le Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile, foilsithe anois ar https://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Mathematics/?lang=ga-ie.

Primary Maths Introductory Video_GA Play Primary Maths Introductory Video_GA

Foilsiú tuarascálacha comhairliúcháin 

Reáchtáladh comhairliúchán ar Dhréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile idir Márta agus Meitheamh 2022. I gcaitheamh an ama sin, chuala CNCM tuairimí múinteoirí, ceannairí scoile, páistí, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile i dtaobh mhatamaitic na bunscoile.  

Táthar tar éis dhá thuarascáil chomhairliúcháin a fhoilsiú anois lenar scaipeadh an méid a bhí le rá ag páistí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile faoin dréachtchuraclam.  

Tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile

Sa chéad tuarascáil chomhairliúcháin, tá torthaí a d’eascair as sonraí a tiomsaíodh trí na ceistneoirí ar líne d’oideoirí agus do thuismitheoirí, aighneachtaí scríofa agus an Gréasán Scoile.  

Comhairliúchán le Páistí ar Dhréachtchuraclam Matamaitice na Bunscoile 

Sa dara tuarascáil chomhairliúcháin, tá torthaí a bailíodh ó pháistí thar roinnt scoileanna. Rinne foireann taighde as Coláiste Mhuire Gan Smál an píosa taighde seo a riar agus ba dheis thábhachtach é do na páistí a gcuid tuairimí maidir lena dtaithí ar fhoghlaim na matamaitice a chomhroinnt. Breathnaigh ar an bhfíseán thíos den Dr Aisling Leavy (Coláiste Mhuire Gan Smál) agus í ag cur i láthair roinnt léargas ón gcomhairliúchán leis na páistí.  

Baineadh feidhm as torthaí an chomhairliúcháin mar bhonn fiúntach chun tacú le cur i gcrích Churaclam Matamaitice na Bunscoile, a fhoilseofar níos déanaí i mbliana.

Comhairliúchán 2022

Bhí comhairliúchán ar Dhréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile iomlán ar siúl ó 24 Márta - 30 Meitheamh 2022.

Dréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile

Dréacht-Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile

Dréacht-Ábhair Tacaíochta

1. Réamhrá maidir tascanna atá dúshlánach go cognaíoch a úsáid

2. Tacú leis an gcleachtas ionchuimsitheach agus Am á mhúineadh

3. Réamhrá le Mata-Chaint

4. Mata-Chaint a Chur Chun Cinn chun tacú le foghlaim na bpáistí ar Ionadluach i gCéim 1 & 2

5. Timpeallachtaí Saibhre Foghlama a Chruthú

6. Tacú le Forbairt Súile Mata sa Bhaile agus sa Phobal

7. Ullmhúchán i gcomhair Teagaisc agus Foghlama i matamaitic na bunscoile

8. Súile Mata a fhorbairt sa seomra ranga 

9. Réamhrá maidir leis an Samhaltú Matamaiticiúil

10. Tacú le Samhaltú Matamaiticiúil sa seomra ranga

11. Gníomhaíochtaí, tascanna agus fadhbanna a dhearadh le haghaidh Samhaltú Matamaiticiúil

Taighde breise maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile

Anuas ar an taighde cuimsitheach a rinneadh maidir leis an matamaitic a theagasc agus a fhoghlaim i gcás páistí idir 4-8 mbliana d’aois, choimisiúnaigh CNCM tacar nua taighde a théann i ngleic le teagasc agus foghlaim i gcás na bpáistí atá i ranganna sinsearacha na bunscoile. Áirítear na nithe seo a leanas leis an taighde:

Aguisín taighde leis na Buntuarascálacha Taighde 17 & 18 dar teideal 'Learning and Teaching Primary Mathematics'. Sa pháipéar cuimsitheach taighde seo, a scríobh Dr Therese Dooley (2019), dírítear ar mheánbhlianta agus ar bhlianta deireanacha na bunscolaíochta chun príomhsmaointe agus breathnuithe don teagasc agus don fhoghlaim a fhiosrú.

Sraith de chúig pháipéar ghearra taighde a bhaineann le cúig phríomhréimse na foghlama matamaiticiúla ina bpléitear na príomhchoincheapa foghlama, na próisis mhatamaiticiúla agus na príomhtheachtaireachtaí don chur chun feidhme sa seomra ranga. 

  • Algebra in the senior primary classes - An Dr Aisling Twohill (2020)
  • Data and Chance in the senior primary classes - An Dr Aisling Leavy (2020)
  • Measures in the senior primary classes – An Dr Siún Nic Mhuirí (2020)
  • Number in the senior primary classes – An Dr Seán Delaney (2020)
  • Shape and Space in the senior primary classes - An Dr Siún Nic Mhuirí (2020)

 

Tuarascáil ar an gComhairliúchán

Reáchtáladh comhairliúchán ar Churaclam na Matamaitice Bunscoile ó Rang na Naíonán Sóisearach go Rang a Dó ó Dheireadh Fómhair 2017 go Márta 2018. Tá an tuarascáil ar an gcomhairliúchán seo foilsithe anois. Forbraíodh físeán tionlacain chun achoimre a dhéanamh ar an gcomhairliúchán agus is féidir breathnú air thíos. Ba mahaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán.

 

Tá forbairt Churaclam Matamaitice na Bunscoile faoi lánseol. Is féidir leat an doiciméad eolais agus an treoir atá mar bhonn agus mar thaca ag obair Grúpa Forbartha Matamaitic Bunscoile anseo.

Páipéir thaighde

Anuas ar an tacar cuimsitheach taighde atá mar bhonn agus mar thaca ag Curaclam nua Matamaitice na Bunscoile, tá sraith de chúig pháipéar ghearra taighde ar fáil anois freisin. Dírítear sna páipéir thaighde sin, ar scríobh scoláirí móra Éireannacha sa réimse iad, ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim i ranganna sinsearacha na bunscoile ar fud na gcúig phríomhréimse mhatamaiticiúla: An tAilgéabar, Sonraí agus Seansúlacht, an tUimhreas, Tomhais, Cruth agus Spás. Scrúdaítear sna páipéir na príomhchoincheapa matamaiticiúla a bhfuil sé tábhachtach go bhfoghlaimeodh páistí iad, na príomhscileanna agus na próisis a rachaidh na páistí i ngleic leo agus iad ag foghlaim mar aon leis na príomhtheachtaireachtaí chun tacú leis an gcuraclam a chur chun feidhme sa seomra ranga.

Gheobhaidh tú naisc chuig na cúig pháipéar thíos:

Comhairliúchán 
Cuirfear tús le comhairliúchán ar dhréacht-Churaclam Matamaitice na Bunscoile ó rang na naíonán sóisearach go rang a dó i bhFómhair 2017.
 
Comhdháil ar Mhata 24.11.2014
Reáchtáladh comhdháil ar fhorbairt smaointe matamaitice le páistí (3 bliana-8 mbliana) ar an Luan, 24 Samhain 2014 san Ionad Comhdhála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Chuala toscairí eochairnótaí ón Ollamh Douglas Clements (Ollscoil Denver) agus ón Ollamh Elizabeth Wood (Ollscoil Sheffield) agus ghlac siad páirt i gceardlanna ag díriú aird ar obair mhatamaitice nuálach i scoileanna agus i seirbhísí luath-óige. Cuireadh clabhsúr leis an gcomhdháil nuair a sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, dhá thuarascáil taighde:

Is féidir teacht ar shonraí na comhdhála, lena n-áirítear fístaifid na comhdhála, dhá thuarascáil taighde agus faisnéis maidir leis na ceardlanna anseo
 
Is féidir leat an t-athbhreithniú agus an taighde a bhaineann le forbairt an churaclaim mhatamaitice a fháil anseo.

 

Anseo thíos, tá ábhar tacaíochta breise i gcomhair churaclam matamaitice na bunscoile.