Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) / Oideachais Caidrimh agus Gnéasachta (OCG)

Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) / Oideachais Caidrimh agus Gnéasachta (OCG)

 

Nuashonrú ar obair CNCM ag eascairt as an Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna

Bhunaigh CNCM dhá mheitheal forbartha, ceann don bhunscolaíocht agus ceann don iar-bhunscolaíocht, le maoirsiú a dhéanamh ar an obair forbartha sa réimse sin. Tháinig an mheitheal forbartha bunscoile le chéile idir Deireadh Fómhair 2020 agus Meitheamh 2022. Déantar achoimre ar na príomhréimsí oibre thíos. 

Treoir Eatramhach:  Ba í ba thosaíocht d’obair na Príomh-Mheithle Forbartha sin an treoir eatramhach maidir le teagasc OSPS/OCG a fhorbairt agus a fhoilsiú chun tacú le múinteoirí agus iad ag dul i ngleic leis an gcuraclam OSPS reatha (1999) ar bhealach muiníneach agus iomlánaíoch. Cuirtear an treoir eatramhach sin ar fáil i bhfoirm uirlisí úsáide ar líne:  

Acmhainní: D’oibrigh CNCM i gcomhar leis na seirbhísí tacaíochta forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus le grúpaí ábhartha eile chun iniúchadh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil faoi láthair do OSPS/OCG a chur i gcrích. Ag tógáil ar an obair sin, tá liosta cuimsitheach acmhainní curtha le chéile a foilsíodh mar chuid de na huirlisí úsáide ar líne do OSPS/OCG. Fágfaidh sé seo go mbeidh an t-aon phointe rochtana ar líne amháin ann le haghaidh acmhainní agus é cothrom le dáta. 

Forbairt Curaclaim: 

Moladh sa Tuarascáil go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh.  

Cuireadh tús leis an obair ar na sonraíochtaí nua do OSPS agus tús áite á thabhairt don tsraith shóisearach ar dtús, agus ar an tsraith shinsearach agus bunscoileanna ina dhiaidh sin. Forbraíodh cúrsa OSPS nuashonraithe na sraithe sóisearaí agus cuireadh i bhfeidhm é don scoláire a thosaigh an chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2023. Bhí an comhairliúchán ar dhréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte ó Iúil go dtí mí na Samhna, 2023. Foilseofar tuarascáil ar na gcomhairliúchán in 2024.  

Ag leibhéal na bunscoile, tá na forbairtí OSPS mar chuid d’fhorbairtí curaclaim níos leithne. Stiúrann Creatchuraclam na Bunscoile, arna sheoladh ag an Aire Oideachais i mí Márta 2023, treoir na bhforbairtí curaclaim agus leagann sé amach an bealach a gcuirfear an curaclam athfhorbartha i láthair i gcúig réimse curaclaim leathana. Beidh an fhoghlaim agus an teagasc maidir le OSPS mar chuid de réimse curaclaim na Folláine.  

Tá comhairliúchán poiblí oscailte anois ar chúig Dhréachtsonraíocht Curaclaim na Bunscoile, lena náirítear Folláine. Beidh an comhairliúchán ar siúl ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcomhairliúchán, lena náirítear naisc chuig na dréachtsonraíochtaí, cáipéis CCanna agus eolas faoin gcaoi chun páirt a ghlacadh ann, cliceáil anseo 

Foilseofar tuarascáil ar na gcomhairliúchán go deireanach in 2024 agus cuirfear tús leis an obair ansin chun na sonraíochtaí curaclaim a thabhairt chun críche. Cuirfear Curaclam athfhorbartha na Bunscoile i gcrích in 2025, tar éis faomhadh a fháil ón Aire Oideachais. Sa churaclam deiridh, cuirfear san áireamh an méid a chloisfimid le linn ár gcomhairliúcháin le tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus ceannairí scoile, páistí/daoine óga agus páirtithe leasmhara oideachais eile.  

Tá eolas cothrom le dáta maidir le forbairtí curaclaim ar fáil ar an suíomh gréasáin seo agus ar leathanaigh CNCM ar na meáin shóisialta. Is féidir clárú dár nuachtlitir chun an nuacht is déanaí a fháil ach dul chuig an nasc seo: info@ncca Nuachtlitir | CNCM

 

Athbhreithniú OCG
Ar iarraidh an Aire Oideachais agus Scileanna, tugadh faoi athbhreithniú mór ar an OCG i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ó Mheitheamh 2018. Scrúdaíodh leis an athbhreithniú eispéireas na múinteoireachta agus na foghlama san OCG lena n-áirítear; an curaclam, an cur chuige i leith na foghlama, na tacaí atá riachtanach, agus bealaí chun eispéireas an OCG do dhaltaí a fheabhsú. Ghlac cuid mhaith daoine páirt san athbhreithniú, rud lena léirítear leibhéal na spéise atá ag daoine i ngné seo an oideachais. Bhí daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, ceannairí scoile, taighdeoirí agus eagraíochtaí páirteach san athbhreithniú d’fhonn an cineál eispéiris a bhí ag daoine óga ar an OCG a thuiscint.

Rinneadh an t-athbhreithniú i dhá chéim. Tharla an chéad chéim idir Meitheamh 2018 agus Márta 2019. Bhí rannpháirtíocht fhorleathan sa chéim seo den chomhairliúchán. De bhun an chomhairliúcháin fhairsing seo, chuir an CNCM Dréacht-Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna ar fáil agus thosaigh sí ar an dara céim den chomhairliúchán ó Iúil go Deireadh Fómhair 2019.Bhí an comhairliúchán breise seo bunaithe ar mholtaí sa dréacht-Tuarascáil a chuimsigh; an chomhairle atá beartaithe maidir le cur chuige OCG amach anseo, moltaí maidir le forbairtí curaclaim amach anseo, na coinníollacha is gá le haghaidh OCG éifeachtach agus cúinsí eile. Éascaíodh aiseolas trí shuirbhé ar líne agus aighneachtaí scríofa.

Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG)
Foilseofar leagan Gaeilge den Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna go luath. Tá tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) imBunscoileanna agus Iarbhunscoileanna ar fáil anseo.

Páipéar Taighde
Chun tacú le daoine a bhfuil suim acu san Athbhreithniú ar OCG, tá páipéar taighde scríofa ag an Ollamh Mark Morgan, Dr Seline Keating agus Dr Bernie Collins ar fáil anseo. 
 
Guth na Mac Léinn
D'eagraigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige lá comhairliúcháin le 77 ionadaí ó Chomhairlí na nÓg. Tá tuairisc ghearr ar an gcomhairliúcháin le fail anseo.
 
Aighneachtaí Scriofa
Is cuid thábhachtach de phróiseas comhairliúcháin an CNCM iad na haighneachtaí scríofa.
Aighneachtaí scríofa ó chéim a haon anseo.
Aighneachtaí scríofa ó chéim a dó anseo.
  

 

 

 

Tá forbairtí san tSraith Shóisearach ionnaithe anseo.

Ta forbairtí san An tSraith Shinsearach ionnaithe anseo.

Cad iad na bearta atá déanta ó foilsíodh an t-athbhreithniú Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OGC) (Eanáir 2019)?

Bunaíodh dhá Ghrúpa Forbartha, ceann bunscoile agus ceann iar-bhunscoile, ag eascairt as an bhfoilseachán den Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Bhí sé mar thosaíocht ag na grúpaí sin an treoir le haghaidh múineadh OSPS/OCG a fhoilsiú agus tacú le múinteoirí agus iad ag dul i ngleic leis an gcuraclam reatha ar bhealach muiníneach agus iomlánaíoch.

Cuirtear an treoir sin ar fáil i bhfoirm tacair uirlisí ar líne:

Tacar Uirlisí OSPS Bunscoile
Tacar Uirlisí OSPS na Sraithe Sóisearaí
Tacar Uirlisí OSPS na Sraithe Sinsearaí

Moltar sa Tuairisc ar an Athbhreithniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna go bhforbrófar curaclam comhtháite amháin do OCG agus OSPS a chuimseoidh an t-oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon, agus a chinnteoidh go mbeidh an t-am cuí ann lena mhúineadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le forbairtí curaclaim, féach:
forbairt OSPS Bunscoile
forbairt OSPS na Sraithe Sóisearaí
forbairt OSPS na Sraithe Sinsearaí

Cad atá á mhúineadh faoi láthair i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna in Éirinn maidir le OSPS/OCG?

Tá an tOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) á mhúineadh ar an gcuraclam le 25 bliain anuas, agus tá Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) mar chuid thábhachtach de.

Is féidir breathnú ar churaclaim OSPS ach cliceáil ar an nasc iomchuí:
curaclam OSPS na Bunscoile
gearrchúrsa OSPS na Sraithe Sóisearaí
creat OSPS na Sraithe Sinsearaí

Cén chéim ag a bhfuil forbairt curaclaim OSPS?

Thosaigh an obair maidir leis an gcuraclam OSPS a athfhorbairt leis an tsraith shóisearach. Forbraíodh cúrsa OSPS nuashonraithe na sraithe sóisearaí agus bíonn sé á úsáid ag gach scoláire a thosaigh an chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2023. Bhí an comhairliúchán ar dhréachtsonraíocht OSPS na Sraithe Sinsearaí oscailte ó Iúil go dtí mí na Samhna, 2023. Foilseofar tuarascáil ar na gcomhairliúchán in 2024.  

Ag leibhéal na bunscoile, tá na forbairtí OSPS mar chuid d’fhorbairtí curaclaim níos leithne. Stiúrann Creatchuraclam na Bunscoile, arna sheoladh ag an Aire Oideachais i mí Márta 2023, treoir na bhforbairtí curaclaim agus leagann sé amach an bealach a gcuirfear an curaclam athfhorbartha i láthair i gcúig réimse curaclaim leathana. Beidh an fhoghlaim agus an teagasc maidir le OSPS mar chuid de réimse curaclaim na Folláine.  

Tá comhairliúchán poiblí oscailte anois ar chúig Dhréachtsonraíocht Curaclaim na Bunscoile, lena náirítear Folláine. Beidh an comhairliúchán ar siúl ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcomhairliúchán, lena náirítear naisc chuig na dréachtsonraíochtaí, cáipéis CCanna agus eolas faoin gcaoi chun páirt a ghlacadh ann, cliceáil anseo. 

Cad iad na hábhair a mhúinfear san OSPS agus ag cén aois a mhúinfear iad?

Déantar liosta na dtopaicí agus cathain a mhúinfear iad a phlé agus a shocrú trí ghnáthphróisis CNCM. Áirítear le struchtúir CNCM Grúpaí Forbartha don bhunscolaíocht, don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. Tá na Grúpaí Forbartha seo déanta suas de mhúinteoirí, cigirí ón Roinn Oideachais, agus ionadaithe eile ar pháirtithe leasmhara. Cinneann na Grúpaí Forbartha an curaclam agus na topaicí atá le háireamh leis. Comhairliúcháin, taighde agus dea-chleachtas idirnáisiúnta is bonn leis na cinntí sin. I measc na bprionsabal treorach le haghaidh na nGrúpaí Forbartha go léir beidh feasacht ann gur chóir na topaicí a mhúineadh ar bhealach atá aois-oiriúnach, íogair agus incriminteach.

Cé a bhíonn tionchar acu ar fhorbairtí churaclam OSPS?

In CNCM, déanann na Boird agus Grúpaí Forbartha an obair ar fhorbairt an churaclaim ar son na Comhairle. Chun bonn láidir, ionadaíoch agus freagrúil a sholáthar dá hobair ar fhorbairt an churaclaim, bunaíonn CNCM grúpaí forbartha chun tabhairt faoi thascanna sonracha i réimsí curaclaim nó in ábhair. Is iad páirtithe oideachais a cheapann comhaltaí na nGrúpaí Forbartha agus bíonn ionadaithe ó mhúinteoirí, ó bhainistíocht scoileanna, ó thuismitheoirí agus ó páirtithe leasmhara eile san áireamh leo.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na grúpaí a bhíonn bainteach i bhforbairt curaclaim, cliceáil ar an nasc thíos:
Boird agus Grúpaí Forbartha | CNCM

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú agus tá taighde, dea-chleachtas agus díospóireacht mar bhonn ag an gcomhairle sin, mar aon le comhairliúchán fairsing leis an bpobal, scoileanna, páirtithe leasmhara san oideachas agus páirtithe eile. Tá comhairliúchán, lena n-áirítear suirbhéanna ar líne and grúpaí fócais, ina chuid lárnach d’obair an CNCM

Agus curaclam nuashonraithe á fhorbairt, cuirtear eolas amach maidir le comhairliúcháin trí www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).

Cén chaoi a bhféadfaidh tuismitheoirí/caomhnóirí nó daoine aonair leasmhara páirt a ghlacadh i bhforbairt curaclaim OSPS?

Is iad na tuismitheoirí príomhoideachasóirí a gcuid páistí agus is comhpháirtithe tábhachtacha iad sa phróiseas oideachais a tharlaíonn laistigh de scoileanna. Cinntíonn CNCM go mbíonn tuismitheoirí páirteach i gcomhráite agus i gcomhairliúcháin phoiblí sa chaoi is go mbeidh siad in ann a gcuid tuairimí maidir le forbairtí a chomhroinnt.

Éascaítear é sin ar shlite éagsúla — trí chruinnithe le grúpaí ionadaíocha, trí chomhairliúchán poiblí, lena n-áirítear cruinnithe ar líne agus fócasghrúpaí. Cuirtear eolas amach maidir le comhairliúcháin phoiblí trí www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA).

Cén áit inar féidir liom eolas atá cothrom le dáta a fháil faoi fhorbairtí OSPS agus forbairtí eile?

Tá eolas cothrom le dáta maidir le comhairliúcháin OSPS agus forbairtí eile ar fáil ar www.ncca.ie agus leathanaigh mheán sóisialta CNCM (Twitter @NCCAie, Instagram @NCCA_irl agus Facebook @NCCA). Féadfaidh tú clárú dár nuachtlitir chun an nuacht is déanaí a fháil anseo.