I mí an Mhárta 2022, d'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, TD, a pleananna uaillmhianacha don tSraith Shinsearach, Cothromas agus Barr Feabhais do Chách athshamhlaithe, áit a bhfuil an mac léinn i gcroílár a dtaithí sa tSraith Shinsearach. Agus a plean á leagan amach aici, d'iarr an tAire ar CNCM sceideal d'ábhair na sraithe sinsearaí a ullmhú le hathbhreithniú agus le hathfhorbairt.
D'iarr an tAire Foley freisin ar CNCM dhá ábhar nua a fhorbairt, Drámaíocht, Scannánaíocht agus Léann na hAmharclannaíochta; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, ag cur rogha níos fearr ar fáil do scoláirí chun léiriú níos fearr a thabhairt ar a réimse spéiseanna agus chun tacú le forbairt réimse níos leithne buanna agus scileanna.
Tabharfar ábhair tráinse isteach sa churaclam do gach scoil in 2025 agus tá siad leagtha amach anseo:
Tráinse 1 ábhar |
---|
An tSean-Ghréigis |
An Araibis |
An Bhitheolaíocht |
Gnó |
Ceimic |
Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe |
Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht |
An Laidin |
Fisic |
Tabharfar Tráinse 2 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2026 agus tá siad leagtha amach anseo:
Tráinse 2 ábhar |
---|
An Chuntasaíocht |
Staidéar Foirgníochta |
An Innealtóireacht |
Béarla |
An Tíreolaíocht |
Nascmhodúil GCAT |
Corpoideachas |
Tabharfar Tráinse 3 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2027 agus tá siad leagtha amach anseo:
Tráinse 3 ábhar |
---|
Eolaíocht Ríomhaireachta |
Grafaic Dearaidh agus Cumarsáide |
Stair |
Eacnamaíocht Bhaile |
Matamaitic |
Ceol |
Fisic agus Ceimic |
Tabharfar Tráinse 4 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2028 agus tá siad leagtha amach anseo:
Tráinse 4 ábhar |
---|
Ealaín |
Eacnamaíocht |
Fraincis |
Gaeilge |
Gearmáinis |
Iodáilis |
Polaitíocht agus an tSochaí |
Spainnis |
Teicneolaíocht |
Tabharfar Tráinse 5 ábhar isteach sa churaclam do gach scoil in 2029 agus tá siad leagtha amach anseo:
Tráinse 5 ábhar |
---|
Matamaitic Fheidhmeach |
Léann Clasaiceach |
Seapáinis |
Liotuáinis |
Sínis Mandairínis |
Polainnis |
Portaingéilis |
Oideachas Reiligiúnach* |
Rúisis |
*Tabharfar sonraíocht athfhorbartha d'Oideachas Reiligiúin na hArdteistméireachta isteach i scoileanna i 2029 mar chuid den sciar ábhair seo. Beidh Léann Eabhrach mar chuid de chúrsa san ábhar athfhorbartha seo, agus cuirfear deireadh le Léann Eabhrach mar ábhar ar leith ag an am sin.